Photo-Raidió-Fáilte-Academy-Award-2013-Catching-the-Light-Belfast’s Irish language community radio station Raidió Fáilte has won the Radio Academy Nations and Regions Award for the Northern Ireland region. Beating off strong competition from other stations Raidió Fáilte won the award, gaining high praise from the Radio Academy judges who stated that “despite stiff competition from other excellent stations, Raidió Fáilte won out through its ambition and breadth.” The judges went on to say “It was a total joy to listen to this entry and a real treat for the ears — Raidió Fáilte oozes passion for its language, its audience, and for radio itself in everything that it does. It works hard to promote and preserve not just a language, but also creative and authentic radio.”

Welcoming the Radio Academy Nations and Regions Award, Raidió Fáilte Manager Fergus Ó hÍr said “This is a fitting recognition of the hard work done by the small dedicated team of staff and the volunteers at Raidió Fáilte and I want to thank and congratulate them for their valiant efforts. Raidió Fáilte gets very positive feedback from listeners all over the world, but it is gratifying that the work of the station has been recognised by a prestigious organisation such as the Radio Academy. Last year’s winner of the award was BBC Radio Foyle and for a community station such as Raidió Fáilte, with a tiny budget and broadcasting in the Irish language, to have been given the award ahead of major broadcasters with large budgets is indeed a wonderful accolade ”.

Raidió Fáilte works with a small number of fulltime staff and a team of dedicated volunteers. It broadcasts 24 hours per day on 107.1fm in the Belfast region and can be heard worldwide on www.raidiofailte.com. The station provides high level training for people interested in broadcasting and more than twenty former trainees have gone on to be employed in the media. The station has a strong outreach ethos having people from the Protestant/Unionist community and from the new immigrant communities listening to and broadcasting on the station.

Raidió Fáilte as a community station is currently restricted to broadcasting, on the airwaves, only in the Belfast region. Many people outside the Belfast area have expressed their desire to have the Raidió Fáilte service broadcast in their area. It is hoped that this award will strengthen the case with the broadcast regulator Ofcom for Raidió Fáilte to be allowed to extend its broadcasts over a wider area.

Tá Raidió Fáilte i ndiaidh Radio Academy Award a bhaint fá choinne Réigiún Thuaisceart Éireann  

In ainneoin comórtais géir ó stáisiúin raidió eile is ag Raidió Fáilte a bhí an bua sna Radio Academy Awards. Fuair stáisiún raidió Gaeilge Bhéal Feirste ardmholadh ó mholtóirí an chomórtais a dúirt “in ainneoin chomórtais ghéir ó stáisiúin iontacha eile, is ag Raidió Fáilte a bhí an bua de thairbhe uaillmhianachta agus fhorleithneacht a chlár” Anuas air sin, arsa na moltóirí, “Is pléisiúir a bhí ann a bheith ag éisteacht leis an iarrthóir seo, ba bhinn leis na cluasa iad a gcuid clár. In gach aon rud a dhéanann siad tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil Raidió Fáilte ag cur thar maoil le paisean dá dteanga, dá lucht éisteachta agus do mheán an Raidió é féin. Oibríonn siad go crua ní amháin le teanga a chur chun cinn agus a chaomhnú ach le raidió cruthaitheach fireannach a chur chun cinn chomh maith.”

 Chuir Bainisteoir Raidió Fáilte Fergus Ó hÍr fáilte roimh an duais a rá ‘tugann an duais seo aitheantas don obair mhór mhaith a dhéanann foireann agus craoltóirí deonacha Raidió Fáilte agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leofa ar fad as a ndíograis. Faigheann Raidió Fáilte áischothú dearfach ó éisteoirí fud fad an domhain ach is mór an sásamh é d’fhoireann an stáisiúin aitheantas a fháil ó mhóreagraíocht ar nós an RadioAcademy. Is é BBC Raidió Feabhail a bhain an duais anuraidh agus is mór an moladh do Raidió Fáilte, stáisiún pobail Gaeilge a bhfuil mionbhuiséad aige gur chinn na moltóirí go raibh an duais seo tuillte againn.’

Tá foireann bheag ag Raidió Fáilte agus is craoltóirí deonacha iad formhór na gcraoltóirí a dhéanann cláir ann. Bíonn an stáisiún ag craoladh 24 uair in aghaidh in lae, 7 lá na seachtaine ar 107.1FM i mórcheantar Bhéal Feirste agus ar www.raidiofailte.com ar fud an domhain. Cuireann an stáisiún traenáil raidió d’ardchaighdeán ar fáil i scileanna raidió agus craoltóireachta agus tá breis agus 20 iarthraenálaithe i ndiaidh fostaíocht a fháil i ngnéithe éagsúla na meán cumarsáide. Tá eiteas láidir for-rochtana ag an stáisiún agus bíonn daoine ón phobal Phrotastúnach agus ó phobail nua na n-inimirceach ag éisteacht agus ag craoladh ar Raidió Fáilte.

 Faoi mar atá rialacha craolacháin Ofcom i láthair na huaire níl cead ag Raidió Fáilte ach a bheith ag craoladh i gceantar Bhéal Feirste. Tá cuid mhór daoine taobh amuigh de Bhéal Feirste atá ag iarraidh go mbeadh Raidió Fáilte ar fáil i gceantar s’acu féin.  Anois go bhfuil an duais seo faighte ag Raidió Fáilte táthar ag súil go mbeidh cás níos láidre ag an stáisiún le cur os comhair an rialaitheora craolacháin OFCOM le cead a fháil an seirbhís a leathnú thar limistéar tíreolaíochta níos forleithne.